Sonraí na Gé Bánéadanach Graonlannach do 2020/21

Gach bliain, déantar tuairisc a thugann breac-chuntas ar an obair daonáirimh a dhéantar ar thailte geimhrithe Géanna Bánéadanacha Graonlannacha sa Bhreatain agus in Éirinn.

Anuraidh ba é 20,186 comhaireamh domhanda na ngéanna, laghdú ó 21,509 an bhliain roimhe sin. In Éirinn ar fad bhí 8,410 éan againn, sin laghdú ó 10,418. I Loch Garman bhí an laghdú níos suntasaí fós, leis an líon a bhí againn anuraidh laghdaithe go 6,262 ó 8,312 agus bhí rath atáirgthe na n-éan in Éirinn ar an leibhéal is ísle riamh ag 6.4%.

Fuarthas amach i samplaí ar na healtaí in Éirinn, tar éis shéasúr goir 2020, go raibh céatadán na n-óg ag 6.4% i gcomparáid le 10.8 an séasúr roimhe sin. Bhí méid an áil ag 3.24, méadú beag ó 3.07 an séasúr roimhe sin. In ainneoin an ratha atáirgthe ísil a aimsítear i Loch Garman, rud a bhíonn ina tháscaire go hiondúil ar dhroch-tháirgeadh ógánach ar fud na hÉireann, is beag athrú a tháinig ar líon na n-éan in ealtaí amach ó Loch Garman ón mbliain roimhe sin. Bhí comhaireamh an Earraigh i Loch Garman ar an gceann is ísle ó 1982/83, is dócha go páirteach mar gheall ar an ráta íseal atáirgthe seo.

Iomlán dhaonáirimh an earraigh do Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha 2016 go 2021

Áireamh an earraigh ar Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha ó Loch Garman agus Islay agus na figiúirí domhanda ó 1983 go 2021

Is trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an speiceas íocónach seo leis na blianta, trí úsáid a bhaint as teiliméadracht satailíte atá cothrom le dáta, agus breathnóireacht agus comhaireamh ar an láthair gur féidir í a chosaint.