Anaclann Dúlra Raven

Crainn ag RavenTá Anaclann Dúlra an Raven suite timpeall 8km ó thuaidh de Bhaile Loch Garman agus cóngarach do Thrá Churrach Cló. Cosúil le hAnaclann Éanlaithe Fiáine Loch Garman is le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é. Ina theannta sin, is le Coillte, an comhlacht foraoiseachta stáit, an t-adhmad foraoiseachta.

Stair

Ar dtús bhí an Anaclann mar ghob fada cúng gainimh a thug foscadh ar an mbealach isteach go Cuan Loch Garman (tagann an t-ainm Raven ó ‘Rabhainn’ a chiallaíonn píosa talún i gcruth spád), i lár na 1880idí cruthaíodh an Slab Thuaidh taobh leis rud a d’fhág an gob gainimh gan chósta ar an taobh thiar.

Ba le muintir Uí Thuathail de chuid Theach Churrach Cló an Raven sa 19ú hAois agus creidtear gur cuireadh crainn ann le linn dóibh a bheith ina n-úinéirí.

Faoi 1920, bhí an úinéireacht aistrithe go George M.Grogan, an Ridire E.W.B Grogan, Elizabeth Grogan agus Amy Isabelle McClintock i measc daoine eile ach ba é George Colloton ó Dhroichead an Chaisleáin a bhí ina shealbhóir teidil in 1930 nuair a díoladh an Raven leis an Aire Talmhaíochta le plandáil bhuaircíneach ag tosú go luath ina dhiaidh sin.

Sa lá atá inniu ann

Clúdaíonn na coillte thart ar 600 acra talún agus tá siad 3.6km ar fad, tá go leor crann curtha iontu, agus is í an Péine Corsaiceach is coitianta; tá Giúis Dhúghlais, Péine Muirí, Péine Contórtach, Péine Albanach, Péine Monterey agus cinn eile ann freisin. Cuireadh formhór na gcrann chun an cósta a chosaint agus chun adhmad a tháirgeadh. Tá roinnt crann tar éis fás go nádúrtha lena n-áirítear an Saileach Liath, an Saileach Reatha, an Briúlán agus an Seiceamar.

Is gnáthóg thábhachtach iad na coillte don Iora Rua dúchasach. Tá na crainn ghiúise tábhachtach do na mamaigh seo mar is fearr leo a bheith ag ithe caor phéine seachas síolta móra cosúil le dearcáin nó cnónna coill. Níl an t-iora glas tar éis é féin a bhunú sa Raven go fóill, rud a d’fhéadfadh a bheith mar gheall ar láithreacht an Chait crainn, ainmhí chomh mór le cat ar a dtugtar an Cat Crainn sa Ghaeilge a chiallaíonn ‘Cat of the Trees’ i mBéarla. Tabhair cuairt ar www.pinemarten.ie chun tuilleadh a fhoghlaim faoin ainmhí iontach seo.

Is Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta é an Anaclann Dúlra mar gheall ar a ghnáthóga agus is Limistéar faoi Chosaint Speisialta é faoi na Rialacháin um Éin agus is díol spéise ar leith an Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach, an Scótar, an lóma rua, an Broigheall, an Fheadóg Ghlas agus an luathrán.

I measc na speiceas eile is díol spéise tá na plandaí glasluibh chruinn, buíán sailí, Cíb Ghainimh agus An dréimire beag; speicis éagsúla féileacán agus cnádán.

Is ceann scríbe a bhfuil an-tóir air ag siúlóirí an Raven agus tá siúlóid lúibe 6.5km ann tríd na coillte. Tá dromchla cloiche dlúthaithe ar an gcosán sin gan ach beagán fána. Tá páirceáil ag an mbealach isteach chuig na coillte agus carrchlós na Comhairle Contae ach tabhair faoi deara go bhféadfadh siad a bheith lán ag buaicthréimhsí.

Ionas go mbainfidh gach duine taitneamh as an timpeallacht iarraimid ar dhaoine aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas le bhur dtoil:

Tabhair leat do bhruscar go léir abhaile nó bain úsáid as na boscaí bruscair atá ar fáil ag bealach isteach na coillte.

Ná las tinte ná beárbaiciúnna mar is féidir le tinte daoine agus plandaí a chur i mbaol.

Tabhair do d’aire nach bhfuil aon champáil ceadaithe.

Chun go mbeidh gach úsáideoir in ann taitneamh a bhaint as agus ar mhaithe le caomhnú an dúlra, coinnigh madraí faoi smacht i gcónaí. Glan suas tar éis do mhadra agus faigh réidh leis na málaí ar bhealach freagrach. Tá bosca bruscair speisialta ag an mbealach isteach chuig an gclárchosán.

Ná húsáid aon mhótarfheithicil nó rothar sa choill nó ar an trá.

Ná téigh ag marcaíocht ar chapall sa choill.